BG-български език / CS-čeština / DA-dansk / DE-Deutsch / EL-ελληνικά / EN-English / ES-Español / ET-eesti / FI-suomi / FR-français / HR-hrvatski jezik / HU-magyar / IT-Italiano / LT-lietuvių kalba / LV-latviešu valoda / MT-Malti / NL-Nederlands / PL-Polszczyzna / PT-Português / RO-Română / SL-Slovenščina / SK-Slovenčina / SV-Svenska

Maidir le Measúnachtaí Tionchair Inbhuanaitheachta (SIAanna, Sustainability Impact Assessments)

Déanann SIAanna anailís ar an tionchar féideartha atá ag comhaontuithe trádála, a bhíonn á socrú ag an Aontas Eorpach (AE), ar chúrsaí eacnamaíochta, sóisialta, timpeallachta agus ar chearta an duine.

Bíonn siad bunaithe ar anailís láidir ar na hathruithe ar dócha gurb é an comhaontú trádála san AE, sa tír chomhpháirtíochta agus sna tíortha i mbéal forbartha is cúis a bheidh leo.

Chomh tábhachtach céanna, ina measc bíonn comhairliúcháin leathana leis na páirtithe leasmhara san AE agus sa tír chomhpháirtíochta. Is comhairleoirí seachtracha, coimisiúnaithe ag an gCoimisiún Eorpach, a thugann faoi na SIAanna go neamhspleách. Cuirtear torthaí agus moltaí an SIA leis an idirbheartaíocht, rud a chuidíonn leis na hidirbheartaithe barr feabhais a chur ar na roghanna beartas a bhaineann le hábhar.

Maidir le Comhaontú Saorthrádála AE- Astráil.

ITá an Astráil i measc na ngeilleagar forbartha is tapúla atá ag fás. Tá trádáil dhéthaobhach idir an AE agus an Astráil tar éis méadú go réidh le blianta beaga anuas, agus shroich thart ar €75bn in 2017 (earraí agus seirbhísí). Sa chomhthéacs sin, tá sé aontaithe ag an AE agus an Astráil dul i mbun idirbheartaíochta faoi Chomhaontú Saorthrádála (CS). Ar an 22 Bealtaine 2018, cheadaigh Comhairle an Aontais Eorpaigh tús a chur le hidirbheartaíocht, rud a thosaigh i Meitheamh 2018 agus atá ag leanúint ar aghaidh faoi láthair.

Maidir le MTI AE- Astráil

Is é BKP Economic Advisors, gnólacht comhairleoireachta agus taighde eacnamaíochta atá lonnaithe sa Ghearmáin, i gcomhar le Trade Impact BV, Global Sustainable Solutions, Trinomics agus Monash University, atá ag cur i bhfeidhm na Measúnachta Tionchair Inbhuanaitheachta (MTI), mar thaca leis an idirbheartaíocht faoi chomhaontú saorthrádála idir an AE agus an Astráil. Thosaigh an obair i mí Eanáir 2019 agus leanfaidh sé ar aghaidh thar thréimhse 10 mí. Beidh dhá phríomhthuarascáil le hullmhú ag an bhfoireann. Foilseofar na tuarascálacha ar an suíomh gréasáin seo i bhFeabhra/Márta 2019 (tuarascáil tionscnaimh), agus i Meán Fómhair 2019 (tuarascáil deiridh), agus pléifear leis na páirtithe leasmhara iad sular gcuirtear bailchríoch orthu.

Study Timeline

January 2019

Kick-off

The kick-off meeting with the Commission was held on 16 January 2019 and launched the inception phase, during which the methodology will be finalised.
March 2019

Inception report

The draft inception report has been published, and comments from stakeholders are now invited, before finalisation.
April 2019

Progress meeting

A progress meeting with civil society is planned for 04 April 2019 to discuss provisional findings of the research.
November 2019

Draft final report

The report will be published on this website and then be discussed with stakeholders.
March 2020